Site Meter

Saturday, July 30, 2011

An Crotach

Osclaím Scéalta Éireann ar maidin agus is é an scéal a léighim ná go bhfuil laghdú tubaisteach tar éis teacht ar dhaonra na gcrotach in Éirinn. Siad na huimhreacha ná go bhfuil nócha sé faoin gcéad de chrotaigh na hÉireann glan imithe ó 1991 go dtí an lá átá inniu ann.

A Éire, bíonn a fhois agat riamh conas díomá a chur orm. Tusa fós tír na teipe, an cumaliomsachais. (Sin focal nua ar chruthaigh mé dhaoibh.) Níl sé i gcoinne an dlí seilg a chur ar chrotaigh in Éirinn fós, fiú. Arbh fhéidir leat níos lú a dhéanamh chun cabhair a thabhairt do na créatúir bochta?















Sin Éire dhuit, ach más mian leat crotaigh a fheiceáil anseo táid ann i gcónaí, ar bhruacha an Humber. Agus is ann a chuaigh mé inniu, fheiceáil conas atá ag eirí leo. Ar fheabhas, de réir dealramh. Scríobhas an haícú seo fúthú:

Amhrán an chrotaigh:
ceol níos bhreá ní heol dom i
gconsain ná gutaí.

















Sé a bhí sa dealbhín ná duais sniúcair a fágadh sa bhothán cois abhann. Níl suim sna héanlaith ag chuile dhuine áfach.



















Go mbaineadh sibh sult as, a chairde. Bígí ag éisteacht don chrotach agus an gníomh á dhéanamh agaibh, ar aon nós.

2 comments:

sean lysaght said...

Chuala mé an crotach inniu, ar oileán Acla.

sean lysaght said...

Et c'est la premiere fois qu'on publie un mot gaelique pour le j'menfoutisme francais...