Site Meter

Tuesday, April 11, 2006

Return of Keats and Chapman
















Bhí Keats agus Chapman ina suí cois tine, oíche, go seascair sócalach, dúidín i mbéal Keats, leabhair bleachtaireachta idir lámha ag Chapman. Go tobann, áfach, tagann smuilc feirge ar dhreach Keats.
‘Tabhair dom é sin’, arsa Keats.
‘Cén fáth?’ arsa Chapman. ‘Nach bhfeiceann tú go bhfuilim á léamh?’
‘Nach eol duit gur breá liom an bleachtaire Beilgeach sin agus a mhadra beag bán.’
‘Bhuel bíodh foighne agat, a scraiste!’
‘Tabhair dom anois é!’
‘Seo cóip eile dhuit mar sin. Tá péire agam. Eirigh díom anois ar son Dé.’
‘Ach is liomsa an ceann atá á léamh agat.’
‘Is mar a chéile iad! Red Rackham’s Treasure agus Red Rackham’s Treasure!’
‘Nach dtuigeann tú, a chara, an rud is tábhachtaí: Níl aon Tintin mar do Thintin féin.

No comments: